Ionadaithe ó Mumbai, ó Potsdam agus ó Terrassa i Láthair ag Cónaitheacht Bheochana na dTeangacha Dúchasacha, le Cathair Scannán na Gaillimhe agus Féile Fráma 2026
Ardán, as managers of Galway UNESCO City of Film (Ceantar Scannán), are delighted to welcome three emerging animators from India, Germany, and Spain to Galway to participate in the Comhar Gaeilge Animation Residency this August 2026 in Connemara.
Tá an-áthas ar Ardán, mar bhainisteoirí ar Chathair Scannán UNESCO na Gaillimhe (Ceantar Scannán), fáilte a chur roimh thriúr beochantóirí a bhfuil gealladh fúthu agus iad ag teacht go Gaillimh ón India, ón nGearmáin, agus ón Spáinn chun páirt a ghlacadh i gCónaitheacht Bheochana Comhar Gaeilge i gConamara i mí Lúnasa 2026.
Animators Neel Milind Ranadive will join us from Mumbai City of Film; Lino Held will join us from Potsdam City of Film; and Leire Guzmán will join us from Terrassa City of Film!
Beidh na beochantóirí seo a leanas i láthair; Neel Milind Ranadive ó Chathair Scannán Mumbai; Lino Held ó Chathair Scannán Potsdam; agus Leire Guzmán ó Chathair Scannán Terrassa.
The Comhar Gaeilge Programme represents an exciting new phase in Ardán’s commitment to nurturing Irish-language screen talent through meaningful international collaboration. Building on the success of our 2025 Animation Exchange with Wellington, New Zealand, this initiative aims to further strengthen our partnerships within the Cities of Film network.
Is léiriú é an Clár Comhar Gaeilge ar chéim spreagúil nua den obair atá ar bun ag Ardán chun tallann a chothú d’earnáil scáileán na Gaeilge trí chomhoibriú fiúntach a dhéanamh le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Ag teacht i ndiaidh an Chláir Mhalartaithe Beochana le Wellington, an Nua-Shéalainn, ar éirigh go seoigh leis in 2025, tá sé mar aidhm leis an tionscnamh seo ár gcomhpháirtíochtaí laistigh de líonra na gCathracha Scannán a neartú a thuilleadh.
About the Frame Fest Animation Residency / Eolas maidir le Cónaitheacht Bheochana na Féile Fráma
At the heart of the programme is a collaboration between Stiúideo Fia, Ardán, Galway City of Film and the UNESCO Cities of Film Subnetwork. In August 2026, Stiúideo Fia will present Frame Fest, Ireland’s first stop-motion animation festival hosted in the Connemara Gaeltacht. As a two-day bilingual event, Stiúideo Fia’s Frame Fest offers a unique platform for international artists, filmmakers, and animators to engage in screenings, workshops, exhibitions, and discussions celebrating handmade cinema and animation. Read more about Frame Fest Frame Fest | Stiuideo Fia
Tá comhoibriú idir Stiúideo Fia, Ardán, Cathair Scannán na Gaillimhe agus Fo-líonra Cathracha Scannán UNESCO ag croílár an chláir. I mí Lúnasa 2026, cuirfidh Stiúideo Fia Féile Fráma i láthair, an chéad fhéile bheochana íomhá ar íomhá in Éirinn, a bheidh á hóstáil i nGaeltacht Chonamara. Cuirfidh Féile Fráma Stiúideo Fia, ócáid dhátheangach a reáchtálfar thar dhá lá, ardán uathúil ar fáil d’ealaíontóirí idirnáisiúnta, do scannánóirí, agus do bheochantóirí chun páirt a ghlacadh i léirithe, i gceardlanna, i dtaispeántais, agus i bplé, lena ndéanfar ceiliúradh ar an scannánaíocht agus ar bheochan lámhdhéanta. Léigh tuilleadh faoin bhFéile Fráma anseo: Féile Fráma | Stiúideo Fia
Meet the International Cities of Film Participants / Cuir aithne ar Rannpháirtithe na gCathracha Scannán Idirnáisiúnta
Neel Milind Ranadive – Mumbai, India
Neel is a stop-motion animator from Kolhapur, Maharashtra, India, currently completing my bachelor’s degree in Animation at Whistling Woods International. Since childhood, he has enjoyed art, craft, and making things with his hands with his architect father. Before college, he completed a course in 3D animation, while experimenting with different materials like clay, wood, and putty, A preference for physically creating things rather than digitally on the computer led him to specialise in stop-motion animation. He has learned miniature set making, puppet making, camera work, lighting, and animation performance, and completed an internship at Eeksaurus Studio, working on the award-winning stop-motion film Desi Oon. He enjoys combining craft and storytelling to create handmade films. Currently working on his graduation film, Neel works with software such as Dragonframe, Blender, Photoshop, Premiere Pro, and After Effects to support his projects.
Is beochantóir íomhá ar íomhá é Neel ó Kolhapur, Maharashtra, an India, atá ar tí a chéim bhaitsiléara sa Bheochan a chríochnú faoi láthair ag Whistling Woods International. Ó bhí sé óg, bhain sé taitneamh as an ealaín, as an gceardaíocht, agus as rudaí a dhéanamh lena lámha in éindí lena athair, ar ailtire é. Roimh an gcoláiste, chríochnaigh sé cúrsa sa bheochan 3T, inar bhain sé triail as ábhair éagsúla a úsáid amhail cré, adhmad, agus puití. Ó gur thaitin sé níos mó leis ábhar a chruthú go fisiciúil, seachas go digiteach, chinn sé ar bheochan íomhá ar íomhá a roghnú mar speisialtóireacht. I measc na scileanna a d’fhoghlaim sé, bhí déanamh mionseiteanna, déanamh puipéad, obair cheamara, soilsiú, agus taibhiú beochana, agus rinne sé intéirneacht le Stiúideo Eeksaurus, inar oibrigh sé ar an scannán beochana íomhá ar íomhá Desi Oon a bhain duaiseanna amach. Is maith leis an cheardaíocht agus an scéalaíocht a thabhairt le chéile chun scannáin lámhdhéanta a chruthú. Tá Neel ag obair ar a scannán céime faoi láthair, agus bogearraí amhail Dragonframe, Blender, Photoshop, Premiere Pro, agus After Effects á n-úsáid aige ina chuid tionscadal.
Lino Held – Potsdam, Germany/ an Ghearmáin
Lino Held is an animator and filmmaker currently studying animation at Filmuniversity Babelsberg Konrad Wolf. Their work is inspired by their interests in intersectional feminism, traditional craftsmanship, botany and art history which they often interweave in their artistic expression. Their fascination with languages has been shaped from early on by growing up in a Bavarian region where different dialects meet and strongly influence community. This also relates to their latest project which connects cultural representation and self-perception in the setting of an Immigration Office in Germany.
Is beochantóir agus déantóir scannán iad Lino Held atá ag déanamh staidéir ar an mbeochan faoi láthair ag Filmuniversity Babelsberg Konrad Wolf. Tá a gcuid oibre spreagtha ag an spéis atá acu san fheimineachas trasnach, sa cheardaíocht thraidisiúnta, sa luibheolaíocht agus i stair na healaíne, agus na nithe seo fite fuaite trína gcuid léirithe ealaíne go minic. Tá a gcuid spéise i dteangacha fréamhaithe sa taithí a bhí acu ag fás aníos i réigiún Bavárach, áit a dtagann canúintí éagsúla le chéile agus ina mbíonn tionchar láidir ag na canúintí sin ar an bpobal. Tá baint aige seo leis an tionscadal is déanaí dá gcuid freisin, ina nasctar an ionadaíocht chultúrtha agus an fhéinthuiscint i scéal atá suite in Oifig Inimirce sa Ghearmáin.
Leire Guzmán – Terrassa, Spain/ An Spáinn
Leire Guzmán is from Terrassa City of Film in Spain. She is a second-year Design, Animation and Digital Art. She is a versatile artist, working in costume, makeup, traditional art, digital illustration, and video editing, among other things. She has a passion for exploring techniques, materials and textures, frequently working with recycled materials and keeping an environmental perspective in mind. Music has played a central role in her life. She started conservatory at age six and began playing the violin at eight. Her passion for stop motion began as a university project, where she and her classmates created a short called “Hay un monstruo en mi casa” (There’s a monster in my house). During that process, she discovered a meeting point between two worlds she loves manual creation and audiovisual language. Leire was in charge of creating the puppets and sets and she played the violin for the soundtrack. Leire is naturally curious and always open to learning.
Is as Cathair Scannán Terrassa sa Spáinn í Leire Guzmán. Is iníon léinn í atá sa dara bliain dá céim sa Dearadh, sa Bheochan agus san Ealaín Dhigiteach. Is ealaíontóir ildánach í, agus í ag obair le feistis, le smideadh, leis an ealaín thraidisiúnta, léaráid dhigiteach, agus eagarthóireacht físe, i measc rudaí eile. Tá dúil mhór aici i dteicnící, in ábhair agus in uigeachtaí éagsúla a thriail. Bíonn sí ag obair le hábhair athchúrsáilte go minic, agus í ag iarraidh a bheith aireach ar chúrsaí comhshaoil. Bhí ról lárnach ag an gceol ina saol. Thosaigh sí san ardscoil cheoil agus í sé bliana d’aois agus thosaigh sí ag foghlaim conas an veidhlín a sheinm agus í ocht mbliana d’aois. Thosaigh an spéis mhór atá aici sa bheochan íomhá ar íomhá agus í ag tabhairt faoi thionscadal ollscoile, inar chruthaigh sí féin agus a comhscoláirí gearrscannán dar teideal “Hay un monstruo en mi casa” (Tá arracht i mo theach). Le linn an phróisis sin, d’aimsigh sí pointe teagmhála idir dhá chineál cruthaitheachta a thaitníonn go mór léi; ábhar lámhchruthaithe agus ábhar closamhairc. Bhí Leire i gceannas ar na puipéid agus na seiteanna a chruthú agus sheinn sí an veidhlín don fhuaimrian. Is dual do Leire a bheith fiosrach agus bíonn suim aici san fhoghlaim i gcónaí.
Indigenous Language Programme Highlights / Buaicphointí Chlár na dTeangacha Dúchasacha
Through the Comhar Gaeilge Programme the three UNESCO Cities of Film animators from India, Spain, and Germany will participate in a curated experience in Connemara during Frame Fest. The residency will immerse the international participants in Gaeilge and Gaeltacht culture while facilitating collaboration and international creative exchange.
Mar chuid den Chlár Comhar Gaeilge, glacfaidh an triúr beochantóirí ó na Cathracha Scannán UNESCO, an India, an Spáinn, agus an Ghearmáin, páirt in eispéireas speisialta i gConamara le linn na Féile Fráma. Tumfar na rannpháirtithe idirnáisiúnta i gcultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta mar chuid den chónaitheacht, agus éascófar comhoibriú agus malartú cruthaitheach ar bhonn idirnáisiúnta ag an am céanna.
Highlights include: Stop-motion film screenings, including work connected to Captain Morten and the Spider Queen, artist talks and behind-the-scenes insights from international stop-motion professionals, hands-on workshops exploring puppet making, animation and storytelling, Irish-language stop-motion screening for children, the Best Irish-Language Stop-Motion Award (supported by TG4), the Pota Café Stop-Motion Challenge for emerging animators, and Sketch & Walk in the Connemara landscape.
I measc na mbuaicphointí beidh: Taispeántais scannán beochana íomhá ar íomhá, lena n-áirítear saothar a bhaineann le Captain Morten agus Spider Queen, cainteanna le healaíontóirí agus léargais phearsanta ó ghairmithe idirnáisiúnta beochana íomhá ar íomhá maidir lena dtaithí, ceardlanna praiticiúla maidir le déanamh puipéad, beochan agus scéalaíocht, taispeántas beochana íomhá ar íomhá as Gaeilge do leanaí, Gradam Gaeilge don Bheochan Íomhá ar Íomhá is fearr (le tacaíocht ó TG4), Dúshlán Beochana Íomhá ar Íomhá Pota Café do bheochantóirí atá ag teacht chun cinn, agus ócáid Sceitse & Siúlóide faoin tuath i gConamara.
Learn more about the UNESCO Cities of Film Subnetwork UNESCO Cities of Film
Tuilleadh eolais faoi Fo-líonra Cathracha Scannán UNESCO Cathracha Scannán UNESCO
The Comhar Gaeilge Animation Residency is part of the annual Galway City of Film programme for 2026, which is managed by Ardán on behalf of Galway City Council Arts Office and Galway County Council Arts Office, with support from Stiúideo Fia as managers of Frame Fest, Fís Éireann/ Screen Ireland and the Department of Culture, Communications & Sport.
Tá Cónaitheacht Bheochana Comhar Gaeilge mar chuid de chlár bliantúil Chathair Scannán na Gaillimhe don bhliain 2026, atá á bhainistiú ag Ardán thar ceann Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe, le tacaíocht ó Stiúideo Fia mar bhainisteoirí Féile Fráma, Fís Éireann/ Scáileán Éireann agus an Roinn Cultúir, Cumarsáide & Spóirt.
Subscribe to the Ardán newsletter and follow Ardán and Galway City of Film on social media for more information on our funding, training, and networking opportunities for screen creatives at all career levels in Galway and the West of Ireland.
Cláraigh do nuachtlitir Ardán agus lean Ardán agus Cathair Scannán na Gaillimhe ar na meáin shóisialta chun tuilleadh eolais a fháil maidir le deiseanna maoinithe, oiliúna agus líonraithe do chruthaitheoirí san earnáil scáileáin ag gach leibhéal gairme i nGaillimh agus in Iarthar na hÉireann.

